Timire an Chroí Ró-Naofa or an Timire as it is better known is the oldest Irish Language magazine in the world, in print since 1911 and now available on the web. It comes out 4 times per year, Spring Summer Autumn and Winter. The anchor articles offer reflections on the intentions of Pope Francis for the coming 3 months. Each issue contains a variety of other articles in social, cultural and spirituality areas that would be of interest to our Catholic Christian readers.

From the Pope’s Intention June ’15 :

Fáilte is Fiche?

Sa mbliain 2014, don chéad uair ó aimsir an dara cogadh domhanda ar aghaidh, chuaigh líon na ndaoine a raibh iallach orthu teitheadh óna dtithe cónaí thar 50 milliún. Ní mór dúinn an taobh daonna den imirce seo a thuiscint. Taobh thiar de gach uimhir agus de gach staitistic, tá daoine ann a bhfuil aghaidheanna agus ainmneacha acu. Tá scéal faoi leith ag gach aon imirceach.
….

An Comhthéacs Éireannach

In Éirinn, is é an rud is mó atá ag cur as d’iarrthóirí tearmainn ná an tréimhse fhada ama a chaitheann gach duine acu istigh sa gcóras ag fanacht ar chinneadh deiridh ar a chás. Tá ceatharacha faoin gcéad de na hiarrthóirí ag fanacht le cuíg bliana ar a laghad, ón am a chuir siad isteach ar thearmann don chéad uair.

What’s happening in Rome
In 2014, for the firs time since the Second World War, the number of those forced to flee their homeland passed 50 million. We need to grasp the human side of this migration. Behind each number, each statistic are the faces of people who have names. Each migrant has a story to tell.

www.timire.ie

Fáilte agus Fiche?

Eoghan Ó Cuinn

An Comhthéacs Domhanda

Sa mbliain 2014, don chéad uair ó aimsir an dara cogadh domhanda ar aghaidh, chuaigh líon na ndaoine a raibh iallach orthu teitheadh óna dtithe cónaí thar 50 milliún. Ní mór dúinn an taobh daonna den imirce seo a thuiscint. Taobh thiar de gach uimhir agus de gach staitistic, tá daoine ann a bhfuil aghaidheanna agus ainmneacha acu. Tá scéal faoi leith ag gach aon imirceach.

Ar an 3ú Deireadh Fómhair 2013, chuaigh long a bhí ag tabhairt imircigh ón Libia go dtí an Iodáil go tonn poill taobh leis an oileán Iodáileach, Lampedusa. Tuairiscíodh gur báthadh 360 duine agus tógadh 155 duine ina mbeatha ón bhfarraige. Faraoir, níl ann sa tragóid a tharla i Lampedusa ach eachtra amháin as an iliomad eachtraí a mbíonn an bás mar thoradh orthu, a tharlaíonn go rialta sa Meánmhuir.

Is é an toradh a thagann as an dearcadh atá ag údaráis na hEorpa maidir le smacht a choinneáil ar theorannacha ná go bhfuil polasaithe agus bearta ann a thugann tús áite do chúrsaí slándála seachas do cibé gníomhaíocht a mbeadh sé mar aidhm aige daoine a shábháil. Chuaigh an Pápa Proinsias i ngleic le ceannairí na mballstát ar an ábhar seo nuair a bhí sé ag labhairt do Chomhairle na hEorpa ag deireadh na bliana 2014: “Tá géarghá le cur chuige aontaithe i leith cheist na hImirce. Ní féidir linn a ligint don Mheánmhuir a bheith tiontaithe ina reilig ollmhór. “

An Comhthéacs Éireannach

In Éirinn, is é an rud is mó atá ag cur as d’iarrthóirí tearmainn ná an tréimhse fhada ama a chaitheann gach duine acu istigh sa gcóras ag fanacht ar chinneadh deiridh ar a chás. Tá ceatharacha faoin gcéad de na hiarrthóirí ag fanacht le cuíg bliana ar a laghad, ón am a chuir siad isteach ar thearmann don chéad uair.

Tá go leor impleachtaí daonna ann dóibh siúd atá ag maireachtáil go fadtéarmach sa gcóras Soláthar Díreach. Buailtear síos iad maidir le sláinte, idir chorp agus mheabhair, agus maidir le deiseanna traenála ; tá siad thíos leis, sa réimse teaghlaigh agus clainne agus ó thaobh na féidireachtaí atá ann chun ról a ghlacadh sa tsochaí. Ní féidir leo a dhul ag lorg oibre agus ní ligtear dóibh ach oiread cúrsaí oideachais triú-léibhéal a dhéanamh – nuair a chuirtear an dá bhac seo le chéile ar bonn fadtéarmach, is buillí an-trom go deo iad.

Is duine ón Afraic é Theo agus tá sé ag maireachtáil sa gcóras Soláthar Díreach le seacht mbliana:

Theith mé ó mo thír dhúchais toisc go raibh mé i mbaol an bháis. Ach ón am gur tháinig mé go hÉirinn tá sé tuigthe agam go bhfuil go leor bealaí ann chun duine a mharú. Táim ag fanacht ar chinneadh ar mo chás le seacht mbliana agus dáiríre is éard atá ann ná bás mall.

Cuireann sé as go mór dom nach bhfuil mé in ann obair a fháil toisc gur iarrthóir tearmainn mé. Tá fonn oibre orm. Níl fonn orm a bheith mar ualach ar éinne. Bliain ó shin,nach mór, bhuail an dubhach mé toisc nach raibh cúis ar bith ann dom fiú éirí as mo leaba ar maidin. Ní dhéanann sé sin maitheas ar bith do dhuine. Chaill mé mo dhóchas agus thosaigh smaointe gruama ag brú isteach orm.

Clabhsúr

Mar Chríostaithe, iarrtar orainn cabhrú le himircigh a raibh iallach orthu a dtíortha dúchais a fhágáil – cibé cé acu in Éirinn atá siad, nó san Eoraip nó in aon áit ar bith ar fud na cruinne. Thug an Pápa Proinsias rabhadh dúinn ar an ábhar seo: “ An cultúr atá ann faoi láthair a chuireann béim ar an tábhacht a théann le dea-bhraistint an duine é féin, tá an baol ag dul leis go ndéanfadh muid neamhaird ar dhaoine eile. D’fhéadfá a rá go bhfuil domhandú imeartha ar an neamhaird seo.” Ag an am céanna, tugann sé cuireadh dúinn “ fáilte a chur roimh gach éinne gan teorainn ná idirdhealú, chun a fhógairt gurb éard atá i nDia ná grá, sa gcaoi go mbeidh an eaglais, déanta na fírinne, gan teorainn ar bith.”

Intinn Uilechoiteann do mhí an Mheithimh, 2015

Inimircigh agus Dídeanaithe
Go bhfaighe inimircigh agus dídeanaithe fáilte agus urraim sna tíortha ina mbíonn siad

Bosca: “Ní féidir linn a ligint don Mheánmhuir a bheith tiontaithe ina reilig ollmhór.” (An Pápa Proinsias)

Foclóirín: an iliomad = go leor leor; tiontaithe = iompaithe; impleachtaí = rud a éiríonn de bharr rud eile; iallach = iachall, rud a chaitear a dhéanamh.

(Summary in English: Eoghan Ó Cuinn writes about migrants an refugees drowned trying to flee to Europe, of security rather than life saving measures and of the human cost of direct provision in Ireland.

Theo’s Story: Theo is from an African country and has been in the Direct Provision system for more than seven years:

I fled my country because I feared for my life. But since I have come to Ireland, I have found that there is more than one way to kill a person. I feel that while I am waiting for a decision these last seven years I have been dying slowly.

I am deeply frustrated as an asylum seeker that I cannot work. I want to work. I do not want to be a burden on anyone. I want to pay my own way. About a year ago, I found myself getting depressed because there was no reason to get up in the morning. No reason to get out of bed. This is not good for a person. I lost hope and started to think bad thoughts.)

Timire an tSamhraidh summer 2015